Dia duit. Is mise Megan Weekes. Tá mé i mo bhall de chlub CLG Chúil Uí Chionaoith (Coolkenno). Cúpla seachtain ó shin, ba rannphairtí mé i Scór na nÓg sa chomórtas Rince Foirne.
Nuair a thosaigh mé an cleachtadh, bhí mé neirbhíseach mar ní raibh a fhios agam beirt chailíní lena raibh mé ag damhsa. Anois, is cairde muid go léir!
Bhí an chéad chomórtas sa Bhaile Coimín. Bhí gach duine neirbhíseach ach rinneamar ár ndamhsa is fearr – an cor ceathrair (4-hand reel). Rinneamar an-mhaith. Bhíomar ar mhuin na muice! Bhuaigh muid!
Le haghaidh an dara comórtais, chuamar go dtí Contae Uíbh Fhailí. Bhí an comórtas sin níos mó ná an chéad chomórtas. Ní raibh sé éasca ach bhíomar rathúil. Bhuamar arís!
Bhí an tríú comórtas (an Babhta Ceannais Laighean) i nDún Dealgan. Bhí sé deacair. Ach rinneamar a lán cleachtaidh. Mar sin, bhí sé taitneamhach. Rinneamar ar fheabhas ach bhí a lán grúpaí eile. Mar sin, níor bhuaigh muid ach bhíomar fós bródúil as a chéile. Bhuaigh Cill Chormaic ó Chontae Uíbh Fhailí.
Tríd is tríd, bhain mé taitneamh as gach soicind sa Scór. Ba bhreá liom é a dhéanamh arís!
le Megan Weekes, CLG Chúil Uí Chionaoith
Megan lena cairde Erika, Sophie agus Katie ag Babhtaí Ceannais Laighean.